Coiste Gaeilge
Is scoil lánGhaelach í Coláiste Íosagáin agus is í an teanga croílár na scoile. Tá sí mar aidhm ag an gCoiste Gaeilge na daltaí a spreagadh leis an teanga a labhairt sa scoil le bród agus agus le díograis.
Tá ionadaí ag gach rang ar an gCoiste agus bíonn an Captaen Gaeilge nó an Captaen Scoile mar chathaoirleach. Bíonn cruinnithe rialta ag an gcoiste ag am lóin agus tá múinteoir ón bhfoireann freagrach as an gcoiste a stiúradh.
Bíonn ionadaíocht láidir ag Bliain a 4 ar an gCoiste agus cabhraíonn siad go mór leis na himeachtaí ar fad i rith na bliana a eagrú. I measc na n-imeachtaí a bhíonn á n-eagrú tá céilithe, ceolchoirmeacha, aoichainteoirí, Seachtain na Gaeilge, postaeirí, comórtas Eurofíse, comórtas Tráth na gCeist agus díospóireachtaí idir ranga.
Cuireann na himeachtaí seo ar fad le hatmaisféar Gaelach na scoile agus tugann siad deiseanna do dhaltaí an teanga a úsáid ag ócáidí sóisialta taobh amuigh den ghnáthshuíomh ranga / scoile.
Is bealach an –dearfach an Coiste Gaeilge leis an teanga a chur chun cinn sa scoil agus ag an am céanna tugann sé an deis do dhaltaí ó gach bliainghrúpa freagracht a ghlacadh agus a bheith páirteach go gníomhach i saol na scoile.
An Coiste Gaeilge 2012- 2013

Cathaoirleach: Nessa Lahert
Cara Ní Chondúin 1B
Niamh Ní Bhuachalla 1B
Ciara Ní Laighléis 1E
Christín Scollard 1N
Kim Ní Fhearáin 2D
Caoimhe Daunt 2D
Róisín Ní Fhloinn 2F
Sadhbh Ní Ruairc 2G
Niamh Nic Giolla Phádraig 2G
Ciara Ní Bheaglaoich 3B
Clodagh Ní Dhaltúin 3C
Aoibhe Ní Thuinéir-Eanaigh 3C
Clodagh Ní Shíocháin 3M
Caitríona Ní Chuinn 3M
Shónagh Ní Aodhagáin 4X
Clíodhna Ní Chroidheáin 4X
Susie Ní Fhaoláin 4Y
Aifric Ní Dhochartaigh 4Y
Aisling Ní Eachteirn 4Y
Eleano Nic Gamhna 4Y
Sadhbh Ní Dhonnabháin 4Z
Bláithín Ní Cholmáin 4Z
Hannah Ní Reachtnín 4Z
Aisling Ní Mhurchú 5C
Orla Nic Mhathúna 5E
Caoimhe Ní Ógáin 5M
Soinbhe Nic Dhonnacha 6C
Alison Ní Riain 6E
Sorcha Nic Shamhráin 6E
Aoife Ní Chroidheáin 6E
Míde Ní Ghríofa 6M

