Polasaí Iontrála
Polasaí Iontrála / Admissions Policy
Réamhrá
Is iad Bord Bainistíochta Choláiste Íosagáin, i gcomhpháirt leis an bpríomhoide, a leag amach an polasaí iontrála seo. Tá an polasaí ag teacht le treoracha ón Roinn Oideachais & Scileanna agus ón ár n-iontaobhaithe, Iontaobhas Scoileanna Éamoinn Rís agus comhlíonann sé na dualgais reachtúla atá orainn.
Is scoil Chaitliceach lánGhaelach í Coláiste Íosagáin, a bunaíodh faoi iontaobhaíocht Shiúracha na Trócaire i 1971. Bunaíodh í le hoideachas den scoth a chur ar fáil do chailíní i ndeisceart Átha Cliath. Cé gur scoil cailíní atá i gColáiste Íosagáin, tá an-chomhoibriú eadrainn féin agus Coláiste Eoin atá ar an suíomh céanna, go háirithe sa rannóg shinsearach den dá scoil. Mar sin tá comhoideachas in an-chuid de na ranganna sinsearacha. Ón 1 Meán Fomhair 2007 athraíodh an scoil go hiontaobhaíocht na mBráithre Críostaí agus ó Mheán Fómhair 2008 tá an scoil faoi Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís (ERST).
Maoiniú
Tá an scoil páirteach i scéim saoroideachais an Roinn Oideachais agus Scileanna agus mar sin táimid ag brath ar mhaoiniú ón roinn len ár bpolasaithe a chur i gcrích. Déanaimid ár ndícheall an t-oideachas is fearr is féidir linn a chur ar fáil dár ndaltaí taobh istigh des na cúinsí seo.
Ethos
Is scoil do chailíní amháin í Coláiste Íosagáin. Fáilteofar roimh iarratas ó dhaoine atá báiúil le sainmheon Caitliceach, lánGhaelach na scoile, pé cumas atá iontu. Déanfar iarracht freastal cuí a dhéanamh ar gach dalta, de réir na seirbhísí tacaíochtaí a chuirfear ar fáil don scoil.
Curaclam
Leanann an scoil an curaclam a leagann an Roinn Oideachais & Scileanna síos ó am go céile faoi Rannóg 30 d’Acht Oideachais 1998, agus comhlíonaimid na dualgais atá orainn faoi Rannóg 9 den acht céanna.
Cód Iompair
Cuirtear cóip den chód iompair ag gach tuismitheoir le léamh agus le glacadh leis sula dtairgtear áit dá iníon sa scoil.
Modh Iarratais
Glactar le hiarratas ó mhí Meán Fómhair nuair atá an cailín i rang a 5 sa bhunscoil go dtí 30 Meán Fómhair sa bhliain ina dtosaíonn an cailín i rang a 6. Cuirtear in iúl do thuismitheoirí taobh istigh de 21 lá ón dáta sin an bhfuil áit faighte acu. Má tá spás fágtha sna ranganna glactar le hiarratais atá déanach. Ní ghlactar ach le foirmeacha iarratais comhlánaithe.
Dáileadh na nÁiteanna
Tugtar suas le 84 áit i mbliain a 1 do chailíní atá ag aois aitheanta mheánscoile. Dáiltear áiteanna ar chailíní a bhfuil foirm iarratais chomhlánaithe faighte ag an scoil uathu, roimh an spriocdháta don bhliain iontrála chuí. Dáiltear áiteanna taobh istigh de 21 lá ón dáta sin. Má tá níos mó éilimh ná mar atá áiteanna, is san ord seo a leanas a thabharfar na háiteanna:
1. Deirfiúracha le cailíní atá i gColáiste Íosagáin nó a chríochnaigh a gcuid meánscolaíochta i gColáiste Íosagáin, agus paistí fhoireann Choláiste Íosagáin agus Coláiste Eoin.
2. Deirfiúracha le buachaillí atá ag freastal ar Choláiste Eoin nó le buachaillí a chríochnaigh a gcuid oideachais i gColáiste Eoin.
3. Féadfar suas le 3 áit a chur ar fáil do pháistí iarscoláirí Choláiste Íosagáín.
4. Cailíní ó Scoil Lorcáin.
5. Cailíní ó Scoil Naithí.
6. Cailíní ó Scoil Bhríde.
7. Uasmhéid de 12 cailín ó na bunscoileanna Béarla seo a leanas, má tá a gcaighdeán Gaeilge maith go leor agus nach bhfuil líon na n-áiteanna a thugtar d’aon cheann de na scoileanna Béarla sa bhliain sin níos mó na 4. Dáilfear na háiteanna san ord seo a leanas:
i) Bunscoil Dhún Chéírí (3 áit)
ii) Scoil Mhuire na Trócaire, Baile an Bhóthair (3 áit)
iii) Scoil San Treasa, Cnoc Mhuirfean (2 áit)
iv) Bunscoil na gcailíní, Páirc an Chuilinn (2 áit)
v) Bunscoil Fhearann an Choirce (2 áit).
8. Cailíní ó Ghaelscoil Thaobh na Coille.
9. Cailíní ó Ghaelscoil Lios na n-Óg.
10. Cailíní ó Scoil Mológa.
11. Cailíní ó Ghaelscoil Chnoc Liamhna.
12. Cailíní ó Gaelscoileanna eile.
13. Cailíní ó scoileanna eile.
Más gá rogha a dhéanamh taobh istigh de roinn nó fo-roinn ar bith, tabharfar tús áite do chailíní a bhfuil Gaeilge líofa acu. Beifear ag súil go gcuirfidh iarrthóirí agus a dtuismitheoirí a suim agus tiomantas don Ghaeilge in iúl ar an bhfoirm iarratais. Dáilfear aon áiteanna a bhíonn fágtha ina dhiaidh sin de réir dáta an iarratais agus ina dhiaidh sin, más gá, ar chrannchur faoi stiúir ag scrúdaitheoir neamhspleách.
Cuirfear cailíní nach ndáiltear áit orthu taobh istigh de 21 lá ar liosta feithimh. Tabharfar áiteanna do chailíní ar an liosta feithimh san ord tosaíochta céanna agus de réir na gcritéar céanna atá leagtha síos thuas go dtí go bhfuil na háiteanna ar fad sa roinn sin líonta .Dáilfear aon áiteanna a bhíonn fágtha ansin ar chailíní ar an liosta feithimh sa chéad roinn eile de réir na gcritéar céanna agus mar sin ar aghaidh go dtí go mbeidh na háiteanna ar fad líonta. Fanfaidh an liosta feithimh seo i bhfeidhm go dtí 1 Meán Fómhair den bhliain iontrála.
Cásanna Eisceachtúla
I gcás an-eisceachtúil, d’fhéadfadh an Bord Bainistíochta cinneadh a thógáil i leith iarratais ar áit i gColáiste Íosagáin, nach raibh ag teacht leis na coinníollacha thuas. Ní dhéanfar é seo ach sa chás to bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist agus go mothaíonn an Bord agus an príomhoide go bhfuil leas an iarrthóra / na scoile ag brath ar an gcinneadh seo.
Aistriú ó Scoileanna Eile
Ní chuirfear áiteanna ar fáil de ghnáth i ranganna os cionn Bhl.1, ach amháin sa chás go bhfuil an líon sa rang sin faoi bhun 24 dalta. Má tá áit ar fáil cuirfear agallamh ar an iarrthóir le cinntiú go bhfuil caighdeán na Gaeilge ag an iarrthóir maith go leor don rang a bhfuil sí ag dul isteach ann. Má fhágann dalta an scoil ní féidir a háit sa scoil a choiméad. Má dhíbrítear dalta as an scoil ní ghlacfar le hiarratas uaithi filleadh ar an scoil.
Cuirtear in iúl do thuismitheoirí nuair atá an áit á tairiscint dóibh gur scoil Chaitliceach, lánGhaeilge í Coláiste Íosagáin agus gur ar an tuiscint seo a ghlacann siad leis an áit.
Cumhacht an Phríomhoide
Is féidir leis an mBord Bainistíochta an t-údarás a thabhairt don phríomhoide na háiteanna a dháileadh de réir an pholasaí seo. Ní cheadófar áfach don phríomhoide cinneadh a thógáil faoi chásanna eisceachtúla. Pléifear aon chás dá leithéid ag leibhéal an Bhoird.
Achomharc
Faoi Rannóg 29 d’Acht Oideachais 1998 tugtar cead do thuismitheoirí achomharc a lorg ar chinneadh a dhéanann an Bord Bainistíochta i leith:
i. Díbirt dalta ón scoil.
ii. Fionraí dalta.
iii. Diúltiú áite sa scoil.
Ba chóir go ndéanfaí iarratas sa chéad áit go dtí an Bord Bainistíochta féin, chomh luath is a chuirtear in iúl don tuismitheoir. Muna bhfuil toradh sásúil ar an scéal is féidir iarratas ar achomharc a dhéanamh leis an Roinn Oideachais & Scileanna. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de thréimhse réasúnta.
Má tá aon difríocht idir an leagan Gaeilge agus Béarla den pholasaí seo, tabharfar tosaíocht don leagan Gaeilge. Déanfar athbhreithniú rialta ar an bpolasaí seo.
Rinneadh athbhreithniú ar an bpolasaí seo le linn na scoilbhliana 2011 - 2012. Tá an polasaí faofa ag an bBord Bainistíochta agus beidh sé i bhfeidhm d'iontráil ó Mheán Fómhair 2014 ar aghaidh.
Admissions Policy
Introductory Statement
This policy was formulated by the Bord of Management of Coláiste Íosagáin in consultation with the principal and in accordance with all relevant statutory requirements and the requirements of the Department of Education & Skills and the school’s trustees The Edmund Rice Schools Trust.
Coláiste Íosagáin is a Catholic all-Irish secondary school, founded in 1971 under the trusteeship of the Sisters of Mercy. The school was set up to provide education through Irish for girls in south Dublin. Coláiste Íosagáin is a girls’ school, sharing a campus with Coláiste Eoin, a boys’ school, with whom we work very closely, particularly in the senior cycle. As a result, many of our senior classes are co-educational. From September 1, 2007 the school changed to Christian Brothers’ trusteeship and has been, since September 2008, a member of the Edmund Rice Schools Trust.
Funding
Coláiste Íosagáin is part of the free education scheme of the Department of Education and Science and we aim to provide the highest possible standard of education to our students, using the resources provided to it by this scheme.
Ethos
Coláiste Íosagáin is a school for girls only. Applications for admission are welcomed from girls of all abilities who embrace our Catholic, all-Irish ethos. Every effort will be made to encourage participation by all students to the best of their ability in all school activities, within the provisions made available to the school.
Curriculum
The school follows the curricular programmes prescribed by the Minister for Education and Skills from time to time under section 30 of the Education Act 1998, and complies with its obligations under section 9 of that Act.
Code of Behaviour
A copy of the school’s Code of Behaviour will be given to parents to read and accept before their daughter is allocated a place in Coláiste Íosagáin.
Method of Application
Applications for admission are accepted from September from parents of girls in 5th class in primary school and until 30th September in the year in which they enter 6th class. Places will be allocated within 21 days of that date. If vacancies remain late applications may be accepted. Only fully completed application forms will be accepted.
Allocation of Places
Up to 84 1st year places are allocated each year to girls of recognised secondary school age. Places are allocated to girls in respect of whom a fully completed application form for that year of entry has been received by the school by the deadline for receipt of applications and are allocated within 21 days of that date. If the school is oversubscribed places are allocated to girls in the following order:
1. Sisters of girls who attend Coláiste Íosagáin or who completed the secondary education in Coláiste Íosagáin, and children of staff in Coláiste Íosagáin and Coláiste Eoin.
2. Sisters of boys who attend Coláiste Eoin or who completed their secondary education in Coláiste Eoin.
3. A maximum number of 3 girls, being daughters of past pupils of Coláiste Íosagáin.
4. Girls from Scoil Lorcáin.
5. Girls from Scoil Naithí.
6. Girls from Scoil Bhríde.
7. A maximum number of 12 girls from the following English medium primary schools, provided that their standard of Irish is sufficiently high and that the number of places allocated to any one English medium primary school in that year of entry does not exceed 4:
i) Carysfort National School (3 girls)
ii) Our Lady of Mercy, Booterstown (3 girls)
iii) Scoil San Treasa, Mount Merrion (2 girls)
iv) Hollypark GNS (2 girls)
v) Oatlands (2 girls)
8. Girls from Taobh na Coille
9. Girls from Gaelscoil Lios na n-Óg.
10. Girls from Scoil Mológa.
11. Girls from Gaelscoil Chnoc Liamhna.
12. Girls from other Gaelscoileanna.
13. Girls from other schools.
If selection has to be made within a particular category preference will be given to girls whose Irish is fluent. (Applicants and their parents will be asked to demonstrate their interest in and commitment to Irish on the application form.) Remaining places will be allocated by date of application and, if necessary, thereafter by independently supervised lottery. Girls who are not allocated a place within 21 days will be placed on a waiting list. Places will be allocated to girls on the waiting list in the same order of priority and according to the same criteria as set out above. This means that, if a place becomes available within a particular category, the place will be allocated to a girl on the waiting list (if any) in that same category and according to the same criteria as set out above until all the places available in that category are filled. Any remaining places will be allocated to girls on the waiting list in the next subsequent category in accordance with the same criteria and so on until all the available places are filled.This waiting list will remain in effect until the 1st of September of the year of entry.
Exceptional Circumstances
In very exceptional circumstances, the Board of Management reserves the right to make a decision in respect of an application for admission to Coláiste Íosagáin, otherwise than in accordance with the foregoing criteria. This will only be done in consultation with the principal.
Transfers
Places will not normally be offered above 1st year, except in classes with fewer than 24 students. If places are available, applicants will be interviewed to make sure their level of Irish is appropriate for the class they wish to join. Students who leave the school cannot be guaranteed re-admission. Application for re-admission to Coláiste Íosagáin will not be accepted from a student who is expelled.
Parents will be informed when being offered a place that Coláiste Íosagáin is a Catholic all-Irish school and in accepting a place in the school, they are also accepting this ethos.
Delegation of Functions of Board of management to Principal
The Board of Management may delegate any of the functions of the Board in relation to the administration of the school’s admissions policy to the principal, except the power in exceptional circumstances to make a decision in respect of an application for admission to Coláiste Íosagáin otherwise than in accordance with the stated selection criteria.
Appeals
Under the terms of Section 29 of the Education Act parents have a right to appeal the decision of the Board of Management to –
i. permanently exclude a student from the school.
ii. suspend a student from attendance at the school.
iii. refuse to enrol a student in the school.
The appeal should be made in the first instance to the Board of Management, as soon as the parent is informed. If this does not produce a satisfactory solution an appeal may be lodged with the Department of Education & Skills within a reasonable timeframe.
If there is a discrepancy between the Irish and the English version of this policy, the Irish version takes precedence. This policy will be reviewed regularly.
This policy was reviewed during the 2011 - 2012 school year and was approved by the Board of Management for admissions to the school from September 2014 onwards.

