Polasaí Gaeilge
- Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide Choláiste Íosagáin. Bímid ag súil leis go labhróidh na daltaí Gaeilge i gcónaí i dtimpeallacht na scoile agus ag ócáidí scoile.
- Is í an Ghaeilge an meán teagaisc i ngach rang ach amháin i gcás teangacha a n-úsáidtear an modh díreach lena dteagasc.
- Cothaítear atmaisféar a spreagann meas ar ghnéithe fiúntacha dár gcultúr dúchasach m.sh. ceol, damhsa, ealaín, cluichí, creideamh, seandálaíocht srl.
Mura gcloíonn an dalta leis seo leanfar na céimeanna seo a leanas:
- Iarrfar ar dhaltaí litir a scríobh ag míniú tábhacht na Gaeilge i gColáiste Íosagáin. Caithfidh tuismitheoir / caomhnóir síniú a chur ar an litir. Beidh ar an dalta agallamh a dhéanamh leis an múinteoir faoi. Scríobhfar tuairisc faoi ar charta smachta an dalta.
- Má bhristear an riail don dara huair cuirfear litir abhaile chuig tuismitheoirí / caomhnóirí agus beidh ar an dalta freastal ar chruinniú leis an gCoiste Comhairleach.
- Má bhristear an riail don tríú huair cuirfear fios ar thuismitheoirí / caomhnóirí leis an deacracht atá ag an dalta le labhairt na Gaeilge a phlé.
- Má leanann an fhadhb ar aghaidh iarrfar ar an dalta agus tuismitheoirí / caomhnóirí teacht os comhair an Bhoird Bhainistíochta le todhchaí an dalta i gColáiste Íosagáin a phlé.
Eagraítear imeachtaí go minic i rith na bliana, leis na cailíní a spreagadh agus leis an meas atá acu ar an nGaeilge a chur chun cinn.

