Staidéar Maoirsithe

Cuirtear Staidéar Maoirsithe ar fáil do dhaltaí an Choláiste más mian leo páirt a ghlacadh ann. Is iad múinteoirí an Choláiste a bhíonn i bhfeighil an staidéar.

Tosaíonn an seisiún staidéir ag 3.45 p.m. agus leanann sé go dtí 7.00 p.m. le briseadh 15 nóiméad. Ar an Aoine is ó 1.15 p.m. go dtí 4.15 p.m. a mhaireann an seisiún staidéir.

Gearrtar costas ar an staidéar in aghaidh an téarma. Is féidir 4 lá (Luan – Déardaoin) nó 5 lá a dhéanamh.
Chun go mbainfidh daltaí an tairbhe is fearr as an staidéar, tá rialacha leagtha síos. D’fhéadfaí daltaí a dhíbirt as an staidéar de bharr na rialacha a threascairt.