Stair an Choláiste

Bunaíodh Coláiste Eoin sa bhliain 1969 chun oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do bhuachaillí i ndeisceart Átha Cliath. Faoi phátrúnacht na mBráithre Críostaí, b’é príomh-aidhm an choláiste ná sár-oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil dá scoláirí i dtraidisiún bhunaitheoir na mBráithre, Éamann Iognáid Rís.


Is i gcóiríocht shealadach ar shuíomh Mhainistir Eibhlín, mar a bhfuil Óstán an Radisson anois, a bhí Coláiste Eoin suite ar feadh an chéad sé bliana dá shaol. Tógadh an scoil atá faoi láthair ann ar shuíomh a chuir na Bráithre Críostaí ar fáil agus osclaíodh an foirgneamh go hoifigiúil sa bhliain 1975. B’é an Bráthair Seán Ó Dubhgáin an chéad phríomhoide ar Choláiste Eoin ó 1969 go dtí 1979. Tháinig an Bráthair G.D. de Barra i gcomharbacht ar an mBráthair Ó Dubhgáin agus ‘sé Seán Ó Leidhin a ceapadh mar phríomhoide ar éirí as dó siúd sa bhliain 2000. Is é Finín Máirtín atá ina phríomhoide ar an gColáiste ón mbliain 2009.


Ag roinnt an tsuímh le Coláiste Eoin tá Coláiste Íosagáin, iar-bhunscoil lán-Ghaeilge do chailíní a bunaíodh sa bhliain 1971 faoi stiúir Shiúracha na Trócaire. Feidhmíonn Coláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin go neamhspleách ar a chéile cé go múintear ábhair roghnacha na hArdteistiméireachta i mBliain 5 agus i mBliain 6 do ranganna ina mbíonn buachaillí agus cailíní ón dá scoil.


Agus líon na mBráithre Críostaí in Éirinn ag dul i léig agus chun sain-spiorad Éamann Iognáid Rís a chaomhnú i scoileanna na mBráithre, bunaíodh iontaobhas ar a dtugtar Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís sa bhliain 1998. Is faoi phátrúnacht Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís a fheidhmíonn Coláiste Eoin anois.
Sainítear luachanna an iontaobhais atá lárnach d’fheidhmiú na scoileanna, Coláiste Eoin ina measc, sna cúig bhuntréith seo atá i gcairt an iontaobhais.


• Creideamh, an spioradáltacht Chríostaí agus luachanna atá bunaithe ar an soiscéal a chothú;
• An chomhpháirtíocht a chur chun cinn i bpobal na scoile;
• Barr feabhais sa teagasc agus san fhoghlaim a bhaint amach;
• Pobal scoile comhbhách a chruthú;
• Ceannaireacht bhunathraithe chun feabhais a spreagadh.

 

Éamann Iognáid RísERST

In aimsir na bPéindlithe in Éirinn, sa bhliain 1762, saolaíodh Éamann Rís i gCallan i gContae Chill Chainnigh. Tar éis a bhunoideachas a bhaint amach i gceann de na scoileanna scairte a bhí i réim ag an am, thosaigh Éamann mar phrintíseach le huncail leis i bPort Láirge ag soláthar earraí do na longa a bhí ag seoladh idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh.

D’éirigh chomh maith sin leis i mbun gnó go raibh sé ina fhear saibhir roimh dó aois 30 bliain a bhaint amach.
Sa bhliain 1786 phós Éamann Mary Elliott, iníon le fear gnó mór le rá i bPort Láirge. Ach, cailleadh a bhean chéile go tragóideach tar éis bhreith iníne dóibh, Mary. Chuir cruachás na mbuachaillí óga ar shráideanna Phort Láirge isteach an oiread sin ar Éamann gur éirigh sé as an ngnó breá a bhí aige agus bhunaigh sé scoil do bhuachaillí bochta na cathrach le cabhair roinnt compánach. D’íoc sé féin as bunú na scoile sa bhliain 1802 i gCnoc Síon i bPort Láirge.

Le cead an Phápa Pius VII, bunaíodh na Bráithre Críostaí sa bhliain 1820. Leathnaigh obair na mBráithre trí bhailte bochta na hÉireann agus é mar mhisean acu oideachas a chur ar bhuachaillí bochta sna ceantair seo. Cailleadh Éamann sa bhliain 1844 ach lean a chuid oibre in Éireann agus thar lear. Ní beag a thionchar ar chúrsaí oideachais in Éirinn agus is faoi Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís atá misean an bhunaitheora a chur i gcrích.