Fáilte
Cliceáil ar an bhFéilire trasna ar chlé
le haghaidh Nuacht an Lae!
In imeacht breis agus daichead bliain ó am a bhunaithe tá Coláiste Eoin ag soláthar oideachas den scoth trí mheán na Gaeilge do bhuachaillí dheisceart an chontae. Feidhmíonn an coláiste faoi phátrúnacht Iontaobhas Scoileanna Éamainn Rís agus tá luachanna bunaitheora na mBráithre Críostaí ina gclocha móra ar phaidrín mhuintir an choláiste agus iad i mbun saothair go laethúil.
Thar aon ní eile tá an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach lárnach in imeachtaí scoile agus léiríonn ár ndaltaí meas agus bród i leith a dteanga agus a gcultúr i gcónaí.
Is cúis mórtais domsa bheith im’ Phríomhoide ar Choláiste Eoin agus an deis tugtha dom cur lena bhfuil bainte amach acu siúd a bhí sa phost romham. Is cúis bróid dom oibriú le foireann mhúinteoirí proifisiúnta atá tiomnaithe d’oideachas den scoth a chur ar na mic léinn a shiúlann geataí na scoile isteach. Tugann bláthú agus forbairt na mic léinn uaisle chéanna ar a dturas trína ré sa Choláiste spreagadh agus misneach dúinn i mbun obair an lae.
Síneann fréamhacha Choláiste Eoin go leathan trí fhód dheisceart an chontae agus tá scáth láidir caite ag an scoil ar an gceantar. Tá scoláirí an choláiste bródúil as a n-oidhreacht. Fáiltím roimh ár scoláirí agus guím gach rath orthu i mbun a gcuid oideachais ar fhearann an choláiste.
Finín Máirtín
Príomhoide
Focal ón gCaptaen Scoile
Is mise Dónal Ó Catháin. Tá an t-ádh dearg liom go bhfuil an deis iontach faighte agam bheith i mo chaptaen scoile ar Choláiste Eoin i mbliana. I rith mo thréimhse i gColáiste Eoin go dtí seo tá mé an-bhuíoch go bhfuilim tar éis páirt a ghlacadh i mórán gníomhaíochtaí seach-churaclama a chuirtear ar fáil sa Choláiste.
Is í an Ghaeilge croí na scoile seo, tuigeann na daltaí agus na múinteoirí an tábhacht a ghabhann léi. Leagtar béim mhór ar an spórt, ar an gceol, ar an díospóireacht agus ar an litríocht sa Choláiste.
Tá na foirne iomána agus peile Gaelaí in iomaíocht i gcomórtais Laighean A, an caighdeán is airde atá ar fáil do scoil ar bith i mBaile Átha Cliath. D’imir aon duine dhéag de dhaltaí na scoile ar fhoirne mionúir Bhaile Átha Cliath idir pheil agus iomáint i mbliana, foirne a bhain na cluichí ceannais i bPáirc an Chrócaigh amach i mí Meán Fómhair. Tharraingíodar clú agus cáil ar Choláiste Eoin lena n-éachtaí ar pháirc na himeartha.
Bhain grúpa Siansa Craobh na hÉireann amach freisin, rud a léiríonn an caighdeán ceoil traidisiúnta atá i measc ár gcomhscoláirí.
Ní bhítear ró-bhuartha faoi thorthaí scrúdaithe ach tugtar deis do dhaltaí an cumas atá acu i réimsí éagsúla den saol a fhorbairt agus a leiriú. Tagann ard-torthaí chomh maith agus bhí torthaí na ndaltaí a rinne scrúdú na hArdteistiméireachta i mí Meitheamh seo caite chomh maith nó níos fearr ná torthaí a bhain aon ghrúpa Ardteistiméireachta i gColáiste Eoin cheana amach. Ní ar an saol acadúil amháin a a dhírítear, ach éiríonn thar barr leis na daltaí i scrúduithe na Roinne.
Is áit ar leith é Coláiste Eoin ina bhfuil daoine le dearcadh faoi leith. I rith na bliana déanfaidh mé mo sheacht ndícheall cur leis an traidisiún láidir atá sa scoil agus brat na Gaeilge a choinneáil ag séideadh go bródúil i ndeisceart na cathrach.






